Muckross Craft Centre logo

Tabhair turas ar na Ceardlanna

Tá cáil ar cheardaíocht láimhe thraidisiúnta Mhucrois maidir le Potadóireacht, Leabharcheangal agus Fíodóireacht, iad uile déanta go háitiúil. Scrúdaigh na hearraí sa siopa ceardaíochta áit a mbíonn siad ar díol maraon le raon leathan d’éadaí eile agus cuimhneacháin.

Craft Shop

Siopa Ceardaíochta Mhucrois

Muckross Craft Shop is located within the Walled Garden Centre, which lies adjacent to Muckross House. It is a popular shopping venue, not only with visitors to Muckross, but also with our own local Killarney residents.

Tá dearadh nua-aimseartha comhaimseartha ar an siopa, é geal scóipiúil. Cinntíonn seo, chomh maith le foireann mhuinteartha chabhrach, siopadóireacht thaitneamhach in áilleacht Pháirc Náisiúnta Chill Airne.

Potadóireacht Mhucrois

Le Teach Mhucrois agus Páirc Náisiúnta Chill Airne mar chúlra aici, dearann agus cruthaíonn Margret Phelan potadóireacht chruachré lámhmhúnlaithe den scoth, gan a mhacasamhail ar fáil.

Múnlaítear gach píosa ar roth potadóra agus maisítear le lámh iad. Tá an raon Mil/Gorm maisithe le meascán de Mhóitífeanna Spúinse agus obair Scuaibe sa tslí agus gur píosa ar leith gach aon cheann.

Potadóireacht Mhucrois
Muckross Bindery

Leabharcheanglann Mhucrois

Sa cheardlann leabharcheangail úsáidtear scileanna leabharcheangail traidisiúnta in éineacht le modhanna caomhnaithe nua-aimseartha chun an bhail is fearr trí chéile a bheith ar ábhar ar pháipéar.

Cóirítear seanleabhair agus leabhair uathúla, lámhscríbhinní, mapaí, ceangail leathair agus cáipéisí veillim. Ní úsáidtear sa chóiriú ach ábhar ar chaighdeán cartlainne atá saor ó aigéad.

Fíodóireacht Mhucrois

Sa cheardlann Fíodóireachta fitear scairfeanna den snáth is fearr ar sheolta Hattersly atá suas le 200 bliain d’aois. Fitear gach scairf ar leith le dlúthchiumhais ar an dá thaobh chun scairf ar chríoch den scoth a mhairfidh i bhfad a chruthú.

Tá gach táirge ildaite linn fite as snáth den chaighdeán is airde mar shampla olann, móihéar agus alpaca. Cuirimid leis an raon earraí againn le Ceannbhearta breidín d’Fhir agus do Mhná sa dá stíl, traidisiúnta agus comhaimseartha.

Fíodóireacht Mhucrois