Christmas & New Year Garden Restaurant Opening Hours
Monday 23rd December – Closed at 12pm
Tuesday 24th December – Closed
Wednesday 25th December – Closed
Thursday 26th December – Closed
Friday 27th December – Closed
Saturday 28th December – Open 10.30am – 4.30pm*
Sunday 29th December – Open 10.30am – 4.30pm
Monday 30th December – Open 10.30am – 4.30pm
Tuesday 31st December – Open 10.30am – 4.30pm
Wednesday 1st January – Closed
Thursday 2nd January – Open 9am, Normal Hours
*Snacks only
Láthair gan sárú is ea Bialann an Ghairdín i Mucros dóibh siúd gur mian leo béile suaimhneasach le radharcanna áille i dtimpeallacht Pháirc Náisiúnta Chill Airne. Cruthaíonn na sléibhte, An Torc agus An Mhangarta, cúlra suntasach do na radharcanna iontacha amach thar láthair an tSeanghairdín Múraithe Victeoiriach.
Bialann nua-aimseartha féinseirbhíse de 170 suíochán is ea é i láthair den scoth dóibh siúd gur mian leo béile suaimhneasach i dtimpeallacht ghleoite. Ar aon dul leis na tithe gloine Victeoiriacha nuachóirithe taobh linn tá ár ngrianán agus is féidir le cuairteoirí sásamh a bhaint as an radharc tíre iontach uaidh tríd an mbliain ar fad.

Tá ó hocht go deich rogha ag cuairteoirí ón mbuifé te atá ar fáil gach lá idir meánlae agus 3in.
Tá sár-rogha ar mhargadh maith le fáil ar bhiachlár Bhialann an Ghairdín. Bíonn éileamh ar an áit am lóin ag cuairteoirí agus ag muintir Chill Airne araon. Ar chuid de na béilí ar fáil tá:
- Dís de Throsc úr ón bhFarraige agus Breac Dea-dhathach ar Leaba Ghlasraí Julienne
- Brollach Sicín ar stíl Cajun le hAnlann Piobair Dhuibh
- Filléad Bhradáin le hAnlann Uachtair Chablis
- Stéig Mhairteola Ghalstofa le hAnlann Oinniúin agus Guinness
- Gríscín Muiceola ar stíl Áiseach ar Leaba Ghlasraí Shuaithfhriochta le hAnlann Milis Searbh
Tá béilí veigeatóracha agus saor ó ghlútan ar fáil chomh maith, maraon le sailéidí úra ónár mbuifé féinseirbhíse.
Níl uait ach greim beag?
Freastalaíonn Bialann an Ghairdín orthu siúd nach bhfuil uatha ach greim. Tá ceapairí, anraith, scónaí agus cístí beaga ar fáil, iad ar fad úrdhéanta agus ar chostas réasúnta, agus cuireann ár mbacús féin rogha iontach cístí milse agus milseoga mealltacha ar fáil. Ina measc tá na roghanna is mó éileamh mar atá Císte Cáise Baileys, Meireang Uachtar Sútha Talún agus Píog Bhanoffi.

Grúpaí
Tá fáilte roimh Ghrúpaí agus cuireann Bialann an Ghairdín pacáistí ar mhargadh maith ar fáil dóibh. Is féidir le Grúpaí roghnú as an ocht go deich béile te ón mbuifé féinseirbhíse. Déantar gach iarracht áit suí/suíocháin ar leith a sholáthar don ghrúpa.
Fáiltímid roimh mholtaí a chuirfeadh le cuairt den scoth go Mucros a chinntiú do bhur dturasóirí.