Gearrchuntas ar Ghairdíní Mhucrois
Bhí Teach Mhucrois tógtha ag muintir Herbert faoi 1843 agus is dócha gur ansin a dearadh na gairdíní atá fós inniu ann. Dealraíonn sé, le linn an Drochshaoil (1845–1850), gur beart fhóirithinte ón ocras a bhí i gcuid den obair.
Tuairiscíodh i nuachtán áitiúil in Aibreán 1846 go raibh obair, ar phá breise, le cur ar fáil do 50 fear eile. Is sna gairdíní is dóichí a bhí cúram do na hoibrithe seo ag réiteach ‘some noble terraces of refined taste and elegant design’ (Kerry Evening Post, 15 April 1846). Tá seans gur sa tréimhse chéanna a cuireadh mórán de na crainn atá anois i dtimpeallacht Theach Mhucrois .i. péine Albanach, giúis gheal, dair agus feá.
Bhí Teach Mhucrois tógtha ag muintir Herbert faoi 1843 agus is dócha gur ansin a dearadh na gairdíní atá fós inniu ann. Dealraíonn sé, le linn an Drochshaoil (1845–1850), gur beart fhóirithinte ón ocras a bhí i gcuid den obair.
Tuairiscíodh i nuachtán áitiúil in Aibreán 1846 go raibh obair, ar phá breise, le cur ar fáil do 50 fear eile. Is sna gairdíní is dóichí a bhí cúram do na hoibrithe seo ag réiteach ‘some noble terraces of refined taste and elegant design’ (Kerry Evening Post, 15 April 1846). Tá seans gur sa tréimhse chéanna a cuireadh mórán de na crainn atá anois i dtimpeallacht Theach Mhucrois .i. péine Albanach, giúis gheal, dair agus feá.
I Lúnasa 1861 d’fhan Victeoiria Banríon i Mucros mar aoi ag muintir Herbert. Deirtear gur maisíodh na gairdíní go mór sna blianta roimh ré mar ullmhú don ocáid. Osclaíodh cosáin trí choill agus fearann le suíocháin agus ardán féachana mar a oir. Anuas ar seo, cuireadh breis de na bláthanna agus toir a bhláthaíonn amach sa séasúr.
Bronnadh an chéad duais ar fhleasc hiodrainsia ó Mhucros ag Taispeántas Bláthanna Thrá Lí in Iúil 1868 (Kerry Evening Post, 29 July 1868). Inniu féin, siar ó dheas ó Theach Mhucrois, tá Imeall Hiodrainsia mealltach a bhláthaíonn go daite déanach sa samhradh. Is é an gorm is treise iontu mar go bhfuil an cré ábhar aigéadach.
In 1887 The Gardeners’ Chronicle described as ‘very choice’ the specimens of Rhododendron that thickly edged the lawns and shrubberies at Muckross. It also remarked upon the bright hues of the Azaleas, commenting that they were ‘like bushes of fire in some cases.’
Inniu féin tá na faichí neamhfhoirmeálta lán de thomóga róslabhrais. Is iontach daite an radharc iad ó Aibreán go Iúil agus ina measc fós tá samplaí a cothaíodh sa ré Victeoiriach, cineálacha den gCrann róslabhrais ina measc. Rhododendron arboretumTá saothróga mar ‘Mayday’ agus ‘Fastuosum Flore Pleno’ curtha leo chomh maith. Ar na hasáilianna suntasacha tá Azalea obtusum ‘Amoenum’, Azalea mollis and hibridí Exbury. Azalea obtusum ‘Amoenum’, Azalea mollis and Exbury hybrids.
Dhein muintir Bourne Vincent mórfhorbairt ar na gairdíní nuair a bhí Mucros ina seilbh ó 1911 go 1932. Chuir siad fios ar thithe gloine ó chomhlacht W. Richardson in Darlington, Sasana. Faoi 1918 bhí fíniúnacha, péitseoga agus figí ag fás iontu.
D’ordaigh siad pleananna gairdín ó chomhlacht R. Wallace i Colechester cé nár cuireadh iad ar fad i gcrích. Más ea, cheap siad Gairdín Suncáilte díreach ó dheas ón Teach in áit na sraitheanna foirmeálta Victeoiriacha agus ceapadh Creig-Ghairdín le mionbhuaircíní agus toir ar lomán nádúrtha aolchloiche.
Ceapadh Sruth-Ghairdín chun uisce a dhraenáil ón taobh theas den gháirdín. Sníonn an t-uisce go suaimhneasach tríd na faichí agus sileann isteach i Loch Mhucrois ag bá Dundaige. I dtaise bhruacha an tsrutha fásann go rábach na lilí Arum, Day agus Crinum, chomh maith leis na plandaí Penstemon, Hosta agus Kniphofia, agus ina bhun tá Bambú, Sliotharnach (Salix caprea), Péirín (Pyrus communis pendula), Gioca agus mórán eile nach iad.
Tá racharcanna iontacha ó Bhialann an Ghairdín, thar an suíomh ina raibh an Gairdín Múraithe Victeoiriach tráth, amach i dtreo na gcnoc .i. An Torc agus An Mhangarta.
Fásann seanchoillearnach ar imeall thoir an tSruth-ghairdín agus bailiúchan geall le 100 cineál caiméilia curtha ann ó 1980. In 1972 bunaíodh crannlann ar an taobh theas den Sruth-Ghairdín le bailiúcháin de Mhailpeanna, Beitheanna, Cercidiphylla, Pittospora agus Podocarpas buanaithe anoios ann.
Tá racharcanna iontacha ó Bhialann an Ghairdín, thar an suíomh ina raibh an Gairdín Múraithe Victeoiriach tráth, amach i dtreo na gcnoc .i. An Torc agus An Mhangarta. Inniu tá bláthcheapacha eagraithe go healaíonta i bPairtéar Gairdín mar ábhar spéise agus datha tríd an mbliain ar fad.