Tógadh Teach Mhucrois do Henry Arthur Herbert agus dá bhean, an t-ealaíontóir uiscedhatha, Mary Balfour Herbert. Ba é seo an ceathrú teach inar mhair/insir mhuintir Herbert i Mucros thar tréimhse gairid do dhá chéad bliain. Deartha ag an ailtire aitheanta Albanach, William Burn, tosnaíodh ar an tógáil in 1839 agus bhí curtha i gcrích in 1843.

Bhí struchtúr níos mó agus níos maisiúla beartaithe do Theach Mhucrois, ach, ar iarratas Mhary ceaptar, maolaíodh ar phleananna do sciathán níos mó do sheirbhísigh, bloc stáblaí, teach oráistí agus grianán. Inniu tá na príomhsheomraí cóirithe mar a bhí siad san am úd mar léiriú ar an stíl ghalánta inar mhair uaisle na talún sa naoú haois déag. San íoslach is féidir fuadar na searbhóntaí a shamhlú agus iad i mbun cúraimí an lae.

Ar an 21/11/1899 chuir The Standard Life Assurance Company Eastát agus Teach Mhucrois ar ceant i mBaile Átha Cliath. Ní raibh éileamh cuí air, áfach, agus tógadh den mhargadh é. Más ea, ar an 29/11/1899, fógraíodh go raibh sé ceannaithe ina iomlán ag an Tiarna Ardilaun, duine de mhuintir Guinness agus aontachtach Éireannach aitheanta.

Bhí cóngas pósta ag an Tiarna Ardilaun le muintir Herbert. Bhí sé pósta le Olivia, iníon le Jane, Cuntaois Bheanntraí, an deirfiúr ab óige ag an gCoirnéal Henry Arthur Herbert. Ní mór an lé a bhí ag muintir Ardilaun le Mucros ach é scaoilte ar cíos go bliantúil acu mar áis iascaigh agus foghlaeireachta.

Gailearaí Tí

Tabhair Turas Fíorúil ar an Teach

Enjoying the Parterre at Muckross

Gairdíní Mhucrois

Sna 1850aidí dhein muintir Herbert mórchóiriú ar ghairdíní mar ullmhú do chúirt Victeoiria Banríon in 1861. Lean muintir Bourne Vincent leis an traidisiún garraíodóireachta seo nuair a cheannaíodar an t-eastát ó na hUaisle Ardilaun go luath san fhichiú haois. Is sa tréimhse seo a ceapadh an gairdín suncáilte, an creig-ghairdín agus an sruth-ghairdín.

‘Muckross is a very remarkable gift, a very generous gift and a very princely gift.’

William T. Cosgrave, Dáil Éireann, 7 Dec. 1932

Sa bhliain 1910 bhí Mucros ar cíos ag an Meiriceánach gustalach William Bowers Bourn, úinéir an Empire Gold Mine and Spring Valley Water Company de thuaisceart California. Go gairid ina dhiaidh sin pósadh Maud, leanbh aonair William, le Arthur Rose Vincent ó Chnoc an tSamhraidh, Cluain Lára, Co. an Chláir, agus cheannaigh William Eastát agus Teach Mhucrois mar bhronntanas pósta dóibh.

Saolaíodh beirt do Maud agus Arthur, Elizabeth Rose (1915–1983) agus Arthur William Bourn (1919–2012). Dhein an chlann mórán taistil ach ba é Mucros a mbaile i gcónaí.

Bhí an t-eastát i seilbh Bourne agus Vincent ó 1911 go 1932, agus caitheadh breis agus £110,000 ar fheabhsuithe. Sa bhliain 1915 ceapadh An Gairdín Suncáilte, deartha ag Wallace and Co., Colchester. Deineadh An Creig-Ghairdín a fhorbairt ar lomán nádúrtha d’aolchloch charbónmhar agus sa tréimhse chéanna ceapadh An Sruth-Ghairdín.