Blais an seansaol ag Feirmeacha Traidisiúnta Mhucrois....
Ba é an capall inneall na hoibre ar an bhfeirm. Lean cuisle na beatha patrún na bliana agus ba iad na séasúir agus an aimsir a rialaigh gnó an fheirmeora.
Buail isteach go trí fheirm bheo (beag, meánach, mór), mar a bhfuil ainmhithe, éanlaith clóis agus inneallra. Tá na tithe cónaithe sa stíl traidisiúnta le drisiúr, leaba chnaiste, bosca mine agus eile. Tá Teachín Oibrí Feirme, Ceardlann Siúinéara agus Ceárta le fescint chomh maith.

In 1831 bhunaigh an stát córas bunoideachais in Éirinn eagraithe ar bhonn paróiste. Is sampla Teach Scoile Mhucrois de scoileanna na linne c. 1910. Roinnte in dhá sheomra ranga ba ghnách ranganna éagsúla á múineadh in aon seomra amháin. Ba nós ag leanaí scoile móin a sholáthar do na tinte oscailte. Bhí leithrisí tirime ar leith do bhuachaillí agus cailíní thiar i mbun an chlóis.